Imirce: Ní raibh obair ar bith sa bhaile agus d’imigh sé go Glaschú in Albain in 1949. Bhí sé 17 bliana d’aois san am. Bhí fear eile as an bhaile leis agus d’imigh siad a mbealach féin nuair a shroich siad Glaschú. Chuaigh sé ag Kit John Phaidí, bhí sí ag coinneáil lóistéirí, d’fhan sé ansin cúpla oíche agus ansin bhog sé ar aghaidh. Fuair sé obair thógála agus ag cur isteach píopaí. Bhí pá de £7 sa tseachtain aige. Ní raibh an t-airgead mór ach bhí rudaí saor. Chuaigh sé go tuaisceart na hAlban ansin ag tógáil dambaí uisce. Bhí seifteanna fada ansin agus obair oíche fosta. Cur síos ar an obair a bhí le déanamh aige. Bhí seisean é féin ag tiomáint meaisín tamall. | 00:08:06 | |